Water Network Maintenance & Repair Senior Operative - South Dublin / DLR

Uisce ÉireannIrelandOn-siteFull-timeMid level, 2–5 yearsListed 1 day ago

Apply now

About this role

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.

Tá freagracht ar fhoireann na nOibríochtaí Réigiúnacha as soláthar réigiúnach seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí na sócmhainní cóireála agus líonra a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Tá an tOibrí Sinsearach Cothabhála agus Deisithe Líonra Uisce freagrach as tacú le hoibriú an bhonneagair líonra uisce ar bhealach sábháilte.

Beidh an tOibrí Sinsearach Cothabhála agus Deisithe Líonra Uisce freagrach don Cheannasaí Foirne Cothabhála agus Deisithe Líonra Uisce agus beidh sé de dhualgas air/uirthi ceannaireacht agus treoir laethúil a thabhairt ar an láthair chun a chinntiú go soláthraítear seirbhísí uisce ar bhonn seasmhach.

Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:

• Maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe beartaithe agus frithghníomhacha ar fud bhonneagar an líonra uisce ar bhealach sábháilte agus glan lena n-áirítear obair dheisiúcháin ar phléascthaí agus sceitheanna, príomhlíonraí uisce agus seirbhísí agus fearais ionaid lena mbaineann, méadair uisce agus bosca teorainn chustaiméara, taiscumair seirbhíse a ghlanadh, comhlaí agus hiodraint dóiteáin a athsholáthar, agus tástálacha a dhéanamh i ndiaidh obair dheisiúcháin ar phíopaí agus ar chaidéil, d’fhonn seirbhís chustaiméara seasmhach a sholáthar.
• Cinntiú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas; freagra tráthúil ar aláraim, clúdach éigeandála a sholáthar agus saincheisteanna a réiteach agus eachtraí maidir le sócmhainní bhonneagar an líonra uisce.
• Cothabháil agus deisiú méadar uisce seachtrach a stiúradh, lena n-áirítear iniúchtaí suímh a dhéanamh agus méadair a bhaint agus a athchur, i gcomhairle le foireann na Seirbhísí Méadraithe nuair is cuí.
• Maoirseacht a dhéanamh ar na foirne chun an custaiméir a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna agus réitigh, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ghéaraithe an chustaiméara agus an ionadaithe áitiúil agus fiosrú a dhéanamh orthu ina ndiaidh chun tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhís chustaiméara sheasmhaigh agus bainistíocht a dhéanamh ar an riosca bainteach le sláinte phoiblí agus comhlíontacht.
• Tacaíocht a thabhairt d’fhoirne custaiméara lena n-áirítear Bainisteoirí Bunchuntais agus Seirbhís Chustaiméara le haon saincheist/cheist chustaiméara nó in áiteanna a mbíonn tionchar ag oibreacha ar sholáthar seirbhís chustaiméara orthu.
• Maoirseacht a dhéanamh ar fhoirne chun taifead tapa agus tuairisciú cruinn a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha maidir le feidhmíocht an líonra uisce ag baint úsáide as na córais teicneolaíochta a soláthraíodh lena n-áirítear iniúchtaí a logáil agus iarratais a ardú maidir le horduithe fiosraithe agus taifid Sláinte agus Sábháilteachta agus bainistíocht fardail a uasdátú nuair is gá.
• Monatóireacht a dhéanamh ar na hoibreacha ar fad, bainistíocht a dhéanamh ar fhoréilimh na n-ábhar i d’fhoirne agus cinntiú a dhéanamh go ndéantar taifeadadh ar shonraí go cruinn ar nó as an gcóras nuair is gá, ag cinntiú go ndéantar gach eachtra a thaifeadadh go cruinn mar aon le cúinsí na n-eachtraí sin.
• Cinntiú a dhéanamh de go gcomhlíontar gach nós imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht agus go bhfeidhmítear measúnuithe riosca (Plean Sábháilteachta san Áit Oibre), go n-úsáidtear PPE, agus dualgais atá de dhíth faoi Rialacháin Tógála.
• Ar bhealach freagrach, cinntiú a dhéanamh go mbíonn oibríochtaí fheithiclí agus innealra Uisce Éireann i gcomhréir le beartais sláinte, sábháilteachta agus slándála feithiclí Uisce Éireann, lena chinntiú go bhfuil leibhéil stoc na bhfeithiclí leordhóthanach chun obair a dhéanamh nuair is gá.
• Cinntiú go gcomhlíonann foirne sceideal na dtascanna leithdháilte, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha agus go gcuireann siad clabhsúr ar orduithe nuair a chríochnaítear tascanna, go dtugann siad tacaíocht do rolladh amach agus forbairt nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha nuair is gá.
• Oibriú le tríú páirtithe/conraitheoirí chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar gníomhaíochta an ghréasáin.
• Ceadúnais a eisiúint do gach conraitheoir ábhartha agus cinntiú go leanann siad nósanna imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht.
• Comhoibriú le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha nuair is gá. Mar shampla, Úinéirí Talún, pearsanra Uisce Éireann ábhartha, tríú páirtithe/conraitheoirí.
• Rianú agus monatóireacht ar ghníomhaíochtaí foirne a chinntiú, bileoga ama a uasdátú, síniú in am agus measúnú ar thinreamh agus ar fheidhmíocht agus tacaíocht a thabhairt do do bhainisteoir líne maidir le giniúint tuairisciú ad hoc ar bith agus/nó bainistíocht fheidhmíochta de réir mar is gá.
• Éifeachtúlacht oibreacha na bhfoirne ar fad faoi do chúram a thiomáint, ag déanamh iniúchtaí go rialta ar na hoibreacha tugtha faoi agus rianú na hoiliúna le bheith soláthartha do d’fhoirne.
• Clúdach agus tacaíocht a sholáthar go dtí foirne oibríochta uisce eile de réir mar is gá agus féadfaidh sé seo breis dualgas a thógáil chun saoire bhliantúil nó breoiteacht a chlúdach.

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:

• Comhoibriú le príomh-pháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
• Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d’fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.
• Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
• Dualgais eile nuair is gá.

Eolas, Scileanna agus Taithí:

• Oideachas dara leibhéil nó taithí oibre coibhéiseach.
• Dhá bhliain ar a laghad de thaithí ábhartha ag obair i ról cosúil leis seo.
• B’fhearr linn dá mbeadh cáilíocht sa phluiméireacht agat
• Is riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith). Tá ceadúnas C inmhianaithe.
• Oibrímid níos fearr as lámha a chéile- B’fhearr linn go mbeadh taithí roimhe seo agat ar fhoirne a mhaoirsiú nó a bhainistiú i réimse na sláinte agus sábháilteachta agus dá mbeadh an taithí sin faighte agat i dtimpeallacht líonraí uisce nó fuíolluisce, bheadh sé sin ina bhuntáiste
• Coinnímid a chéile slán - taithí/tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta.
• Is buntáiste é eolas ar líonra, bonneagar agus oibríochtaí uisce
• Taithí ar chórais TF a úsáid
• Scileanna láidre réitithe fadhbanna
• Freastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail - scileanna láidre maidir le seirbhísí do chustaiméirí agus taithí chruthaithe ar dhéileáil le custaiméirí
• Le hoiliúint iomlán agus measúnú ar riosca, ní foláir go mbeadh an rólshealbhóir in ann oibriú i dtimpeallacht a bhféadfadh a bheith míchompordach nó contúirteach le hoibriú inti mar shampla: oibriú le ceimicí contúirteacha, camras, spásanna cúnga, obair aonarach, uisce domhain, ainmhithe, míolra, torann, creathadh láimhe agus géige, srl. Caithfear measúnú rathúil ar shláinte cheirde a dhéanamh a dhearbhaíonn oiriúnacht don obair i dtimpeallacht den chineál sin.
• Is fearr iarrthóirí a bhfuil taithí oibre laistigh de Sheirbhísí Uisce agus/nó Fóntais eile acu

Is é 14/10/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo. Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

*Tairgfear tuarastal d’iarrthóirí seachtracha rathúla laistigh den raon a fógraíodh bunaithe ar mheasúnú ar na scileanna, cáilíochtaí, taithí agus ullmhacht ábhartha atá aige/aici chun freagrachtaí an róil a ghlacadh.

Measfar iarrthóirí inmheánacha i gcomhréir le cur i bhfeidhm Shamhail Phá Uisce Éireann agus na mbeartas pá gaolmhar.

Deartar an raon tuarastail chun glacadh leis go bhféadfadh iarrthóirí rathúla páirt a ghlacadh san eagraíocht ag céimeanna éagsúla dá ngairm, fad atá scóip á cur ar fáil d’fhorbairt tuarastail amach anseo de réir mar a fhorbraíonn cumas agus eispéireas.

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

____________________

We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.

We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role:
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.

The Regional Operations team is responsible for the regional delivery of water and wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the treatment and network assets. The Water Network Maintenance and Repair Senior Operative is responsible for supporting the operation of the water network infrastructure in a safe manner.

Reporting to the Water Network Maintenance and Repair Team Lead, the Water Network Maintenance and Repair Senior Operative role provides day to day leadership and direction on the ground to ensure consistent delivery of water services.

Out of hours working will be required and appropriate overtime and standby rates will apply.

Main Duties and Responsibilities:

• Supervise the planned and reactive maintenance and repair activities across the water network infrastructure in a safe and hygienic manner including repairs of bursts and leaks, water mains and services and associated fittings replacements, water meters and customer boundary box, cleaning of service reservoirs, replacing valves and hydrants, and undertake tests following repairs to pipes and pumps, in order to deliver consistent customer service.
• Ensure the prompt response to alarms, the provision of emergency cover and resolution of issues and incidents on water network infrastructure assets.
• Direct the maintenance and repair of non-domestic water meters, including undertaking site investigations and removing and replacing meters, liaising with the Metering Services team as appropriate.
• Supervise the teams to inform the customer about issues and resolutions, investigate and follow up on escalated customer complaints/local representative in order to support the delivery of a consistent customer service and manage the risk associated with public health and compliance.
• Support Customer teams including Key Account Managers and Customer Service with any customer issues/queries or where works impact customer service delivery in the area.
• Oversee teams to promptly record and accurately report relevant information in relation to the operation of the water network using the technology systems provided including logging investigations and raising requests for follow on work orders and updating H&S records and inventory management where required.
• Monitor all works undertaken, manage the requisitions for materials in your teams and ensure details are accurately recorded on or off system as required ensuring all incidents are recorded in detail with the circumstances of same.
• Ensure adherence and compliance with all health and safety procedures and perform risk assessments (Safe System of Work Plan), use of PPE, and required duties under the Construction Regulations
• Ensure the operations of Uisce Éireann vehicles and machinery in a responsible manner in line with all relevant Uisce Éireann vehicle, health, safety and security policies, ensuring stock levels in vehicles are sufficient to perform work where required.
• Ensure adherence of teams to allocated task schedule, standard operating procedures and close out of work orders on completion of task, supporting the roll out and development of standard operating procedures when required.
• Work with third parties/contractors to support undertaking activity on the network.
• Issue permits to work to all relevant contractors and ensure they follow health and safety procedures.
• Engage with internal and external stakeholders as required. For example, Landowners, relevant Uisce Éireann personnel, third parties/contractors.
• Ensure the tracking and monitoring of team activities, update timesheets, sign off on time and attendance and performance evaluation and support your line manager with the generation of any ad hoc reporting and/or performance management as required
• Drive the efficiency of all the works carried out by teams under your leadership, regularly inspecting works carried out and tracking the training required to be delivered to your teams.
• Provide cover and support to other water operations teams as required which may involve taking additional duties to cover annual leave or sickness etc.

General Duties and Responsibilities:

• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business.
• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
• Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.
• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
• Other duties as required.

Knowledge, Skills and Experience:

• Secondary level education or equivalent work experience
• Minimum two years relevant experience working in a similar role
• Plumbing qualification preferable
• Full, clean and valid Irish category B driving licence is minimum requirement. A clean driving licence is defined as meaning that the applicant has not been convicted of an offence under the Road Traffic Acts (other than an offence for which the penalty is the imposition of penalty points). C licence is desirable.
• We work better together- previous experience of supervising or managing teams working in health and safety culture preferred and in a water or wastewater networks environment an advantage
• We keep each other safe - experience/understanding of working within a strong health & safety culture
• Knowledge of the water network, infrastructure and operations is an advantage
• Experience of using IT systems
• Strong problem solving skills
• We deliver for customers and communities - strong customer service skills with demonstrable experience of dealing with customer
• With full training and risk assessment, the role holder must have the ability to work in an environment that is sometimes uncomfortable or potentially hazardous such as: working with hazardous chemicals; sewage; confined spaces; lone working; remote working; deep water; animals; vermin; noise; hand and arm vibration, etc. This involves successful completion of occupational health assessment confirming suitability to work in such environments
• Experience working within Water Services and/or other Utilities an advantage

*Successful external candidates will be offered a salary within the advertised range based on an assessment of their relevant skills, qualifications, experience and readiness to undertake the responsibilities of the role.

Internal candidates will be considered in line with the application of Uisce Éireann's Pay Model and associated pay policies.

The salary range is designed to recognise that successful candidates may join the organisation at different stages in their career, while also providing scope for future salary progression as capability and experience develop.

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.