About this role
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Is ar an bhfoireann sa réimse Bainistíochta O&C Fuíolluisce a luíonn an fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta trí shócmhainní fuíolluisce (líonra/cóireáil) a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Beidh an tOibritheoir Sinsearach Líonra Fuíolluisce freagrach don Cheannasaí Foirne (Oibríochtaí Líonra Fuíolluisce) agus freagrach as tacaíocht a thabhairt maidir le bonneagar an líonra fuíolluisce a oibriú ar bhealach sábháilte. Tugann an tOibritheoir Sinsearach ceannaireacht agus treoir laethúil don fhoireann ar an láithreán chun a chinntiú go mbíonn seirbhísí uisce ar fáil ar bhonn seasmhach.
Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach a bheith lonnaithe laistigh d’achar réasúnta ó limistéar na hoibre a shannfar d’fhonn a bheith in ann freagairt a dhéanamh gan mhoill do riachtanais taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Maoirseacht a dhéanamh ar oibríocht líonra uisce/fuíolluisce i do réimse freagrachta chun seirbhís chustaiméara seasmhach a sholáthar agus maoirseacht a dhéanamh ar foirne chun gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh ar shócmhainní an líonra. Beidh na nithe a leanas san áireamh le gníomhaíochtaí líonra eile: ag cuidiú le suirbhéanna ar shéaraigh de réir mar is gá; láthair insíothlaithe throm nó screamhuisce ó shilteáin bhóthair a aimsiú, imscrúduithe a dhéanamh agus idirghabhálacha a shainaithint a theastaíonn ón líonra, baic a ghlanadh agus freagairt a dhéanamh d’aláraim de réir mar is gá.
• Feithiclí 3.5+ tonna a oibriú agus aonad folústhrucaile (20 tona +) b’fhéidir
• A chinntiú go ndéantar seiceáil rialta ar dháileoga ceimiceán ag stáisiúin chaidéalúcháin agus ar ghníomhaíochtaí eile um rialú bolaidh, agus tacaíocht a thabhairt do na foirne Comhlíontachta agus Samplála Uisce & Fuíolluisce le cúrsaí samplála lena n-áirítear príomhphíobáin nua, píopaí pléasctha a deisíodh agus teipeanna, agus tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na hanailíse sin de réir mar is gá.
• Maoirseacht a dhéanamh ar na foirne chun an custaiméir a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna agus réitigh, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ghéaraithe an chustaiméara agus an ionadaithe áitiúil agus fiosrú a dhéanamh orthu ina ndiaidh chun tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhís chustaiméara sheasmhaigh agus bainistíocht a dhéanamh ar an riosca bainteach le sláinte phoiblí agus comhlíontacht.
• Tacaíocht a thabhairt d’fhoirne custaiméara lena n-áirítear Bainisteoirí Bunchuntais agus Seirbhís Chustaiméara le haon saincheist/cheist chustaiméara nó in áiteanna a mbíonn tionchar ag oibreacha ar sholáthar seirbhís chustaiméara orthu.
• Maoirseacht a dhéanamh ar fhoirne chun taifead tapa agus tuairisciú cruinn a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha maidir le feidhmíocht an líonra fuíolluisce ag baint úsáide as na córais teicneolaíochta a soláthraíodh lena n-áirítear iniúchtaí a logáil agus iarratais a ardú maidir le horduithe fiosraithe leantacha agus taifid S&S agus bainistíocht fardail a uasdátú nuair is gá.
• Monatóireacht a dhéanamh ar na hoibreacha ar fad, bainistíocht a dhéanamh ar fhoréilimh na n-ábhar i d’fhoirne agus cinntiú a dhéanamh go ndéantar taifeadadh ar shonraí go cruinn ar nó as an gcóras nuair is gá, ag cinntiú go ndéantar gach eachtra a thaifeadadh go cruinn mar aon le cúinsí na n-eachtraí sin.
• Cinntiú a dhéanamh de go gcomhlíontar gach nós imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht agus go bhfeidhmítear measúnuithe riosca (Plean Sábháilteachta san Áit Oibre), go n-úsáidtear PPE, agus dualgais atá de dhíth faoi Rialacháin Tógála.
• Ar bhealach freagrach, cinntiú a dhéanamh go mbíonn oibríochtaí fheithiclí agus innealra Uisce Éireann i gcomhréir le beartais sláinte, sábháilteachta agus slándála feithiclí Uisce Éireann, lena chinntiú go bhfuil leibhéil stoc na bhfeithiclí leordhóthanach chun obair a dhéanamh nuair is gá.
• Cinntiú go gcomhlíonann foirne sceideal na dtascanna leithdháilte, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha agus go gcuireann siad clabhsúr ar orduithe nuair a chríochnaítear tascanna, go dtugann siad tacaíocht do rolladh amach agus forbairt nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha nuair is gá.
• Oibriú le tríú páirtithe/conraitheoirí chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar gníomhaíochta an ghréasáin.
• Ceadúnais a eisiúint do gach conraitheoir ábhartha agus cinntiú go leanann siad nósanna imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht.
• Comhoibriú le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha nuair is gá. Mar shampla, Úinéirí Talún, pearsanra Uisce Éireann ábhartha, tríú páirtithe/conraitheoirí.
• Rianú agus monatóireacht ar ghníomhaíochtaí foirne a chinntiú, bileoga ama a uasdátú, síniú in am agus measúnú ar thinreamh agus ar fheidhmíocht agus tacaíocht a thabhairt do do bhainisteoir líne maidir le giniúint tuairisciú ad hoc ar bith agus/nó bainistíocht fheidhmíochta de réir mar is gá.
• Éifeachtúlacht oibreacha na bhfoirne ar fad faoi do chúram a thiomáint, ag déanamh iniúchtaí go rialta ar na hoibreacha tugtha faoi agus rianú na hoiliúna le bheith soláthartha do d’fhoirne.
• Clúdach agus tacaíocht a sholáthar go dtí foirne oibríochta uisce eile de réir mar is gá agus féadfaidh sé seo breis dualgas a thógáil chun saoire bhliantúil nó breoiteacht a chlúdach.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:
• Comhoibriú le príomh-pháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
• Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
• Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
• Oideachas dara leibhéil nó taithí oibre coibhéiseach.
• Dhá bhliain ar a laghad de thaithí ábhartha ag obair i ról cosúil leis seo.
• Ní mór láncheadúnas tiomána Éireannach glan bailí catagóir B ar a laghad a bheith ag an té a cheapfar agus bheadh catagóirí ceadúnais eile ina mbuntáiste. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith).
• Déanfaimid mar is ceart- B’fhearr linn go mbeadh taithí agat ar fhoirne a mhaoirsiú nó a bhainistiú i réimse na sláinte agus sábháilteachta agus dá mbeadh an taithí sin faighte agat i dtimpeallacht líonraí uisce nó fuíolluisce, bheadh sé sin ina bhuntáiste.
• Coinnímid a chéile slán - is buntáiste é taithí/tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta.
• Is buntáiste é eolas a bheith agat ar líonra, bonneagar agus oibríochtaí uisce/fuíolluisce
• Is fearr eolas maith a bheith agat ar gach scil atá ag teastáil do bhonneagar agus oibríochtaí líonra fuíolluisce
• Taithí ar chórais TF a úsáid
• Scileanna láidre réitithe fadhbanna
• Freastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail - scileanna láidre maidir le seirbhísí do chustaiméirí agus taithí chruthaithe ar dhéileáil le custaiméirí
• Le hoiliúint iomlán agus measúnú ar riosca, ní foláir go mbeadh an rólshealbhóir in ann oibriú i dtimpeallacht a bhféadfadh a bheith míchompordach nó contúirteach le hoibriú inti mar shampla: oibriú le ceimicí contúirteacha, camras, spásanna cúnga, obair aonarach, uisce domhain, ainmhithe, míolra, torann, creathadh láimhe agus géige, srl. Caithfear measúnú rathúil ar shláinte cheirde a dhéanamh a dhearbhaíonn oiriúnacht don obair i dtimpeallacht den chineál sin.
• Scileanna Litearthachta
• Is fearr iarrthóirí a bhfuil taithí oibre laistigh de Sheirbhísí Uisce agus/nó Fóntais eile acu
*Tairgfear tuarastal d’iarrthóirí seachtracha rathúla laistigh den raon a fógraíodh bunaithe ar mheasúnú ar na scileanna, cáilíochtaí, taithí agus ullmhacht ábhartha atá aige/aici chun freagrachtaí an róil a ghlacadh.
Measfar iarrthóirí inmheánacha i gcomhréir le cur i bhfeidhm Shamhail Phá Uisce Éireann agus na mbeartas pá gaolmhar.
Deartar an raon tuarastail chun glacadh leis go bhféadfadh iarrthóirí rathúla páirt a ghlacadh san eagraíocht ag céimeanna éagsúla dá ngairm, fad atá scóip á cur ar fáil d’fhorbairt tuarastail amach anseo de réir mar a fhorbraíonn cumas agus eispéireas.
____________________
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.
The Wastewater O&M Management area is responsible for the national delivery of wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance and repair of the wastewater network and treatment assets.
Reporting to the Wastewater Network Operations Team Lead, the Wastewater Network Senior Operator is responsible for supporting the operation of the waste water network infrastructure in a safe manner. The Senior Operator role provides day to day leadership and direction on the ground to ensure consistent delivery of water services.
Please note that there will be a requirement to be located within a reasonable distance from the assigned work area in order to be able to respond to out of hours requirements in a timely manner.
Main Duties and Responsibilities:
• Supervise the operation of the water/wastewater network in your area of responsibility in order to deliver consistent customer service and oversee teams to carry out routine maintenance activities on the network assets. Network activities will include assisting with sewer surveys as required; identifying location of heavy infiltration or storm water from road gullies, performing investigations and identifying interventions required on the network, clearing blockages and responding to alarms as required.
• Operate a 3.5+ tonne vehicles and may operate HGV vactor unit (20 tonne +)
• Ensure the regular checking of the chemical dosing measures at pumping stations and other odour control activities and support Water/Wastewater Compliance and Sampling teams in operational sampling activity including new mains, burst repairs and failures and report on results of the analysis as required.
• Supervise the teams to inform the customer about issues and resolutions, investigate and follow up on escalated customer complaints/local representative in order to support the delivery of a consistent customer service and manage the risk associated with public health and compliance.
• Support Customer teams including Key Account Managers and Customer Service with any customer issues/queries or where works impact customer service delivery in the area.
• Oversee teams to promptly record and accurately report relevant information in relation to the operation of the waste water network using the technology systems provided including logging investigations and raising requests for follow on work orders and updating H&S records and inventory management where required.
• Monitor all works undertaken, manage the requisitions for materials in your teams and ensure details are accurately recorded on or off system as required ensuring all incidents are recorded in detail with the circumstances of same.
• Ensure adherence and compliance with all health and safety procedures and perform risk assessments (Safe System of Work Plan), use of PPE, and required duties under the Construction Regulations
• Ensure the operations of Uisce Éireann vehicles and machinery in a responsible manner in line with all relevant Uisce Éireann vehicle, health, safety and security policies, ensuring stock levels in vehicles are sufficient to perform work where required.
• Ensure adherence of teams to allocated task schedule, standard operating procedures and close out of work orders on completion of task, supporting the roll out and development of standard operating procedures when required.
• Work with third parties/contractors to support undertaking activity on the network.
• Issue permits to work to all relevant contractors and ensure they follow health and safety procedures.
• Engage with internal and external stakeholders as required. For example, Landowners, relevant Uisce Éireann personnel, third parties/contractors.
• Ensure the tracking and monitoring of team activities, update timesheets, sign off on time and attendance and performance evaluation and support your line manager with the generation of any ad hoc reporting and/or performance management as required
• Drive the efficiency of all the works carried out by teams under your leadership, regularly inspecting works carried out and tracking the training required to be delivered to your teams.
• Provide cover and support to other water operations teams as required which may involve taking additional duties to cover annual leave or sickness etc.
General Duties and Responsibilities:
• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business.
• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
• Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
• Secondary level education or equivalent work experience
• Minimum two years relevant experience working in a similar role
• Full, clean and valid Irish category B driving licence is minimum requirement and other categories of licence would be beneficial. A clean driving licence is defined as meaning that the applicant has not been convicted of an offence under the Road Traffic Acts (other than an offence for which the penalty is the imposition of penalty points).
• We do the right thing- previous experience of supervising or managing teams working in health and safety culture preferred and in a water or wastewater networks environment an advantage
• We keep each other safe - experience/understanding of working within a strong health & safety culture is an advantage
• Knowledge of the water/wastewater network, infrastructure and operations is an advantage
• Sound knowledge and experience of all skills required for wastewater network infrastructure and operations preferred
• Experience of using IT systems
• Strong problem solving skills
• We deliver for our customers and communities - strong customer service skills with demonstrable experience of dealing with customer
• With full training and risk assessment, the role holder must have the ability to work in an environment that is sometimes uncomfortable or potentially hazardous such as: working with hazardous chemicals; sewage; confined spaces; lone working; remote working; deep water; animals; vermin; noise; hand and arm vibration, etc. This involves successful completion of occupational health assessment confirming suitability to work in such environments
• Literacy skills
• Experience working within Water Services and/or other Utilities an advantage
*Successful external candidates will be offered a salary within the advertised range based on an assessment of their relevant skills, qualifications, experience and readiness to undertake the responsibilities of the role.
Internal candidates will be considered in line with the application of Uisce Éireann's Pay Model and associated pay policies.
The salary range is designed to recognise that successful candidates may join the organisation at different stages in their career, while also providing scope for future salary progression as capability and experience develop.