About this role
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is ar an bhfoireann Oibriúcháin agus Cothabhála Fuíolluisce a luíonn an fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta trí mheán sócmhainní fuíolluisce a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Tá sainchúram réigiúnach ag an bhFoireann Oibriúcháin agus Cothabhála Fuíolluisce as bainistíocht oibríochta réigiúnach a dhéanamh ar an líonra Fuíolluisce agus ar shócmhainní an líonra agus as an soláthar seirbhísí fuíolluisce a bhaineann leis na freagrachtaí sin trí mheán gníomhaíochtaí oibríochta, cothabhála agus deisiúcháin, chomh maith le sláinte agus le sábháilteacht a bhainistiú. Tá an fhoireann freagrach freisin as cur i bhfeidhm an phlean réigiúnaigh oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin a chuimsíonn cuid den phlean náisiúnta oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin, a chuireann leis an méid sin a fhorbairt, a bhainistiú, a chur i bhfeidhm agus a fhaomhadh. Is gné lárnach d’fhreagracht na foirne seo gníomhaíochtaí athraithe agus aistrithe a bhainistiú, go háirithe sna céimeanna tosaigh agus an fhoireann oibríochtaí réigiúnach ag scaradh ina bhfoirne ar leith uisce agus fuíolluisce agus déantar na bealaí oibre a chaighdeánú.
Tá sainchúram réigiúnach ag Bainisteoir Oibríochtaí an Líonra Fuíolluisce, a bheidh freagrach do Bhainisteoir Sinsearach Oibríochta agus Cothabhála Réigiúnaí Fuíolluisce, agus tá an bainisteoir freagrach as soláthar agus feidhmíocht sheirbhísí an líonra Fuíolluisce a bhainistiú chun caighdeáin maidir le comhlíonadh Fuíolluisce agus seirbhís do chustaiméirí a chinntiú. Beidh Bainisteoir an Líonra Fuíolluisce freagrach as oibriú agus cothabháil shábháilte shócmhainní an líonra Fuíolluisce i réigiún ar leith, chun tionchar ar an gcomhshaol agus ar chustaiméirí a chosc, fad a chuirtear le feidhmíocht agus le héifeachtúlacht sócmhainní.
Déanfaidh Bainisteoir Oibríochtaí an Líonra Fuíolluisce bainistíocht dhíreach ar fhoirne allamuigh agus beidh sé/sí freagrach as cur chun feidhme polasaithe agus nósanna imeachta an Fhostóra maidir le SSCT san Ionad Oibre, Tuairisciú Eachtraí agus bainistíocht ar Chonraitheoirí Oibríochta atá ag obair ar ár Sócmhainní agus ar ár Líonraí.
Tacóidh sé/sí le cláir SSB agus Mionchaipitil chun a chinntiú go bhfreastalaíonn an fhoireann Bainistíochta Sócmhainní orthu. Sainaithneoidh siad easnaimh agus réimsí inar féidir feabhas a bhaint amach i leith caighdeáin oibríochta agus comhordóidh siad na próisis infheistíochta.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
- Na gníomhaíochtaí cothabhála beartaithe agus frithghníomhacha agus gníomhaíochtaí na bhfoirne deisiúcháin ar fud bhonneagar an líonra fuíolluisce a bhainistiú.
- Bheith freagrach as bainistíocht agus maoirseacht ar sholáthar éifeachtach seirbhísí oibríochta i leith Fuíolluisce, faoi thalamh, sa réigiún trí mheán na sócmhainní agus na foirne oibríochta líonra Fuíolluisce allamuigh a bhainistiú.
- Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus cothabhála agus obair deisiúcháin an líonra fuíolluisce, lena n-áirítear freagairt fhrithghníomhach ar thitim séarach agus baic i bpíobáin agus i stáisiúin chaidéalúcháin a ghlanadh; oibríochtaí glantacháin, séaraigh, stáisiúin chaidéalúcháin, comhbhrúiteoirí soghluaiste; slabhraí agus trealamh ardaithe; scagairí a ghlanadh ar forsceitheadh stáisiún caidéalúcháin; imscrúduithe agus mion-uasghráduithe; séaraigh lochtacha a cheartú, srl.
- Tacú le Bainisteoirí Príomhchuntas maidir le haon cheisteanna a bhaineann le Príomhchuntais ina gceantar réigiúnach, lena n-áirítear cuairteanna ar láithreáin nuair is gá.
- Dul i mbun comhairle le bainistíocht na nÚdarás Áitiúil agus le foirne ÚÁ nuair a tharlaíonn Teagmhais Tuile agus an t-idirphlé idir an líonra iomlán UÉ agus líonra séarachais uisce dromchla an Údaráis Áitiúil a bhainistiú.
- An buiséad foriomlán a leithdháileadh ar fhoirne an Líonra Fuíolluisce a bhainistiú chun a chinntiú go soláthraítear seirbhísí gan an buiséad a shárú agus aon riosca do na buiséid a shainaithint agus a bhainistiú, lena gcinntítear go gcloítear leis an bpróiseas faofa riachtanach agus go ndéantar teagmháil leis an réimse feidhme Airgeadais chun rioscaí a mhaolú. Áireofar leis sin úsáid fhoriomlán ábhair agus bainistíocht fardail, lena n-áirítear éifeachtúlachtaí a shainaithint agus cothromaíocht a fháil idir tosaíochtaí a thagann salach ar a chéile de réir mar is gá. Foréilimh Cheannaithe a fhaomhadh, lena n-áirítear iarratais fhreagracha agus iarghabhálacha de réir próisis agus Polasaithe Fála.
- Maoirseacht a dhéanamh ar rolladh amach leathnaithe chórais Uisce Éireann do Bhainistíocht Oibre, lena n-áirítear Maximo, agus tacú le húsáid a bhfeidhmiúlachta iomláine ar fud an Fhórsa Oibre Allamuigh.
- Tuarascálacha rialta a sholáthar don Bhainisteoir Réigiúnach Oibríochtaí agus Cothabhála Fuíolluisce ar dhul chun cinn oibríochtúil réigiúnach de réir mar is gá.
- Maoirseacht a dhéanamh, i ndlúth-chuibhreann leis na Speisialtóirí Oibríochtaí Punainne, ar chomhtháthú agus ar choimisiúnú sócmhainní nua ó infheistíochtaí caipitil sa chéim oibríochta.
- Bheith freagrach as teagmháil agus comhar a dhéanamh leis an bhfoireann Pleanála do Shócmhainní chun tacú le sainiú agus bainistiú an phlean infheistíochta, go sonrach; an bonn sócmhainní (feidhmíocht & riocht) a thuiscint, tabhairt faoi mheasúnuithe riosca, sainaithint riachtanas agus giniúint idirghabhála.
- Bainistiú a dhéanamh ar fhreagra imeachtaí agus na nithe seo a leanas a chinntiú: freagairt thráthúil ar aláraim, clúdach éigeandála a sholáthar agus saincheisteanna agus eachtraí a bhaineann le sócmhainní bonneagair an líonra Fuíolluisce a réiteach.
- Na foirne a bhainistiú chun an custaiméir a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna agus faoi réitigh, gearáin ghéaraithe an chustaiméara/an ionadaithe áitiúil a iniúchadh agus iad a fhiosrú chun tacú le soláthar seirbhíse custaiméirí seasmhaí agus an riosca a bhaineann le sláinte phoiblí agus le comhlíontacht a bhainistiú.
- A chinntiú go gcloítear agus go gcomhlíontar gach nós imeachta sláinte agus sábháilteachta, reachtaíocht, cleachtas, (lena n-áirítear Measúnuithe Riosca, Plean Córas Sábháilte Oibre srl.), úsáid TCP, dúnadh míreanna Sláinte agus Sábháilteachta agus oiliúint a theastaíonn faoi dhualgais faoi na Rialacháin Tógála.
- Ar bhealach freagrach, cinntiú go mbíonn bainistíocht agus oibríocht feithiclí agus innealra Uisce Éireann i gcomhréir le beartais sláinte, sábháilteachta agus slándála fheithiclí Uisce Éireann, lena chinntiú go bhfuil leibhéil stoc na bhfeithiclí leordhóthanach chun obair a dhéanamh nuair is gá.
- Cinntiú go gcomhlíonann foirne sceideal na dtascanna leithdháilte, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha agus go gcuireann siad clabhsúr ar orduithe nuair a chríochnaítear tascanna, go dtugann siad tacaíocht do rolladh amach agus forbairt nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha nuair is gá.
- Comhoibriú le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha nuair is gá. Mar shampla, Úinéirí Talún, pearsanra Uisce Éireann ábhartha, tríú páirtithe/conraitheoirí.
- Rianú agus monatóireacht na ngníomhaíochtaí foirne a chinntiú, bileoga ama a nuashonrú, d’ainm a chur le ham agus le tinreamh agus le measúnú feidhmíochta.
- Éifeachtúlacht oibreacha na bhfoirne ar fad faoi do chúram a spreagadh, an oiliúint nach mór a chur ar fáil do d’fhoirne a rianú.
- Bheith ar fáil lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre i gcásanna Éigeandála.
- Teagmháil a dhéanamh nó tacú le teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara rialála nó le páirtithe leasmhara eile de réir mar is gá.
- Bheith freagrach as tabhairt faoi chúraimí eile ar bith a meastar a bheith riachtanach agus / nó atá ag teastáil ón mBainisteoir Oibríochtaí Réigiúnacha & Cothabhála Réigiúnaí.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
- Obair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
- Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
- Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
- Ceannaireacht shofheicthe a chur ar fáil do d’fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a c(h)umas a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a leagan ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach ball den fhoireann.
- Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
- Tá cáilíocht tríú leibhéal ábhartha inmhianaithe (m.sh. innealtóireacht shibhialta, mheicniúil, leictreach)
- Taithí iarcháilíochta 7 mbliana ar a laghad i ról bainistíochta a bhaineann le hobair theicniúil agus riaracháin in Údarás Áitiúil, i bhfóntas nó i dtionscal rialaithe, go hidéalach bhainfeadh an taithí sin le Fuíolluisce nó le bonneagar uisce lena n-áirítear gléasraí, áiseanna caidéalaithe, stóras, líonraí srl.
- Coinnímid a chéile slán – taithí/tuiscint láidir ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta
- Soláthróimid do chustaiméirí agus do phobail - eolas teicniúil ar bhonneagar uisce/fuíolluisce
- Taithí bainistíochta a bhaineann le buiséadú mórscála (Caiteachas Oibríochta agus/nó Caiteachas Caipitil)
- Oibrímid níos fearr le chéile - an cumas léirithe ceannaireachta, forbairt réamhghníomhach, foirne a spreagadh agus caidreamh gníomhach a bheith agat leo.
- Taithí ar fhoireann mhór a bhainistiú, le daoine láidre, bainistíocht ar athruithe agus scileanna réitigh coinbhleachta
- Meantóireacht agus forbairt a dhéanamh ar chumas Fórsa oibre allamuigh Oibritheoirí, Oibritheoirí Sinsearacha agus Cheannasaí na Foirne i dTimpeallacht Fuíolluisce
- Taithí ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha a fhorbairt agus a choimeád le páirtithe leasmhara
- Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile.
- Déanaimid an rud ceart - taithí ar thacaíocht a thabhairt do bheartais, do chórais agus do rialuithe agus ar bheartais fhorásacha a chur chun cinn.
- Beidh cuntas teiste agat maidir le ceannaireacht agus taithí ar athruithe agus ar bhunathrú ó bhonn, go hidéalach i bhfóntas cosúil, i dtionscal rialaithe nó i dtimpeallacht ilpháirtí leasmhair.
- An cumas obair a dhéanamh de réir spriocdhátaí agus chun dul in oiriúint do choinníollacha a athraíonn agus do dhébhríocht agus réitigh atá éifeachtach agus pragmatach á nginiúint maidir le cásanna agus fadhbanna nua, de réir mar a chuirtear i láthair iad.
Is é 11/11/26 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tairgfear tuarastal d’iarrthóirí seachtracha rathúla laistigh den raon a fógraíodh bunaithe ar mheasúnú ar na scileanna, cáilíochtaí, taithí agus ullmhacht ábhartha atá aige/aici chun freagrachtaí an róil a ghlacadh.
Measfar iarrthóirí inmheánacha i gcomhréir le cur i bhfeidhm Shamhail Phá Uisce Éireann agus na mbeartas pá gaolmhar.
Deartar an raon tuarastail chun glacadh leis go bhféadfadh iarrthóirí rathúla páirt a ghlacadh san eagraíocht ag céimeanna éagsúla dá ngairm, fad atá scóip á cur ar fáil d’fhorbairt tuarastail amach anseo de réir mar a fhorbraíonn cumas agus eispéireas.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
Please note this role is based in Dublin -Bannow Road Depot.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Wastewater O&M team is responsible for the national delivery of wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the wastewater network and treatment assets. The Regional Wastewater O&M Team has a regional remit and is responsible for the regional operational management of Wastewater network and treatment assets and the associated delivery of wastewater services through operational, maintenance and repair activities, while managing health and safety. The team is also responsible for the implementation of the regional operations, maintenance and repair plan that forms part of the national operations, maintenance and repair plan, contributing to the development, management, implementation and approval of same. Managing change and transformation activities is a key aspect of this team's responsibility particularly in the initial phases as the regional operations team splits into separate water and wastewater teams and ways of working are standardised.
Reporting to the Wastewater Regional O&M Senior Manager, the Wastewater Network Operations Manager has a regional remit and is responsible for managing the provision and performance of Wastewater network services to ensure Wastewater compliance and customer service standards. The Wastewater Network Manager will be responsible for the safe operation and maintenance of Wastewater network assets in a given region, to prevent environmental and customer impact, whilst improving asset performance and efficiency.
The Wastewater Network Operations Manager will have direct management of field-based teams and will be responsible for the implementation of the Employer’s policies and procedures in relation to HSQE at Work, Incident Reporting and management of Operational Contractors working on our Assets and Networks.
They will support IDD and Minor Capital programmes in terms of ensuring that they are facilitated by Asset Operations. They will also identify operational standards deficits and areas for improvement and will coordinate the investment processes.
Main Duties and Responsibilities:
- Manage the planned and reactive maintenance and repair teams activities across the Wastewater network infrastructure.
- Responsible for management and oversight of the effective provision of operational services in Wastewater, below ground, in the region through management of the operation of the assets and of the field-based Wastewater network teams.
- Oversee the management of wastewater network operational and maintenance & repair work activities, including reactive response to sewer collapses and clearing of chokes in pipes and pumping stations; cleaning ops, sewers, pumping stations, mobile compressors, wet wells, chains and lifting equipment; clearing screens on pumping station overflows; investigations and minor upgrades; correcting defective sewers etc.
- Support Key Account Managers with any queries relating to issues affecting Key Accounts in their regional area, including site visits where required.
- Liaise with Local Authorities management and LA teams during Flood Events and manage interface between the UE combined network and the Local Authority surface water sewer network.
- Manage the overall budget allocated to the Wastewater Network teams to ensure delivery of services within budget and identify and manage any risks to budgets ensuring necessary approvals process is followed and Finance function is engaged with to mitigate risks. This will include overall material consumption and inventory management, including identifying efficiencies and balancing conflicting priorities as required. Approve Purchase Requisitions, including reactive and retrospective requests in line with Procurement Policies and processes.
- Oversee the extended rollout of Uisce Éireann systems for Work Management, including Maximo, and advocate for the use of their complete functionality throughout the Field Force.
- Provide regular reports on regional operational progress to the Regional Wastewater Operations and Maintenance Manager as may be required.
- Oversee, in strong liaison with the Portfolio Operations Specialists, the integration and commissioning of new assets from capital investments into operational phase.
- Responsible for liaising and collaborating with Asset Planning to support the definition and management of the investment plan, specifically; understanding the asset base (performance & condition), conducting risk assessments, needs identification and intervention generation.
- Manage event response and ensure the prompt response to alarms, the provision of emergency cover and resolution of issues and incidents on Wastewater network infrastructure assets.
- Manage the teams to inform the customer about issues and resolutions, investigate and follow up on escalated customer complaints/local representative in order to support the delivery of a consistent customer service and manage the risk associated with public health and compliance.
- Ensure adherence and compliance with all health and safety procedures, legislation, practices, (including Risk Assessments, Safe System of Work Plan etc.), use of PPE, the closure of Health and Safety items and training required duties under the Construction Regulations.
- Ensure the management and operation of Uisce Éireann vehicles and machinery in a responsible manner in line with all relevant Uisce Éireann vehicle, health, safety and security policies, ensuring stock levels in vehicles are sufficient to perform work where required.
- Ensure adherence of teams to allocated task schedule, standard operating procedures and close out of work orders on completion of task, supporting the roll out and development of standard operating procedures when required.
- Engage with internal and external stakeholders as required. For example, Landowners, relevant Uisce Eireann personnel, third parties/contractors.
- Ensure the tracking and monitoring of team activities, update timesheets, sign off on time and attendance and performance evaluation.
- Drive the efficiency of all the works carried out by teams under your leadership, tracking the training required to be delivered to your teams.
- Available out of hours in Emergency situations.
- Engage with or support the engagement with regulatory or other stakeholders as required.
- Responsible for carrying out any other duties deemed necessary and / or required by the Regional Operations & Maintenance Manager.
General Duties and Responsibilities
- Collaborate with key internal stakeholders across the UÉ business.
- Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
- Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
- Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.
- Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
Knowledge, Skills and Experience:
- Relevant third level qualification desirable (e.g. civil, mechanical, electrical, engineering)
- Minimum 7 years post qualification experience in a managerial role involving technical and administrative work in a Local Authority, utility or regulated industry, ideally in Wastewater or water infrastructure including plants, pumping facilities, storage, networks etc.
- We keep each other safe – strong experience / understanding of working within a strong health & safety culture
- We delivery for customers and communities - technical knowledge of water/wastewater infrastructure
- Large-scale budget (OpEx and/or CapEx) management experience
- We work better together - demonstrated leadership ability, proactive development, motivation and engagement of staff.
- Experience managing a large team, with strong people, change management and conflict resolution skills.
- Mentoring and developing the Field force competence of Operators, Senior Operators and Team Lead in a Wastewater Environment
- Experience of developing and maintaining effective strategic partnerships with key stakeholders
- Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate complex information to others.
- We do the right thing - experience of supporting policies, systems and controls and driving the implementation of progressive policies.
- You will have a proven track record in leadership, change & transformation experience ideally in a similar utility, regulated industry or multi stakeholder environment.
- Able to work to deadlines and adapt to changing conditions and ambiguity generating effective and pragmatic solutions to new situations and problems as they are presented.
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 11/11/26
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Successful external candidates will be offered a salary within the advertised range based on an assessment of their relevant skills, qualifications, experience and readiness to undertake the responsibilities of the role.
Internal candidates will be considered in line with the application of Uisce Éireann's Pay Model and associated pay policies.
The salary range is designed to recognise that successful candidates may join the organisation at different stages in their career, while also providing scope for future salary progression as capability and experience develop.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.